An Cheathrú Mhór (Carrowmore)

le Gaelscoil Chnoc na Ré
Ealaín Gníomhaíochtaí/Activities Google MAP
Is é an Cheathrú Mhór an reilig mheigiliteach is mó sa tír agus an ceann is sine le cuid dena leachtanna atá ann idir 5500 agus 6500 bliana d’aois.

Bhí thart ar 60 thuama ann agus tá 30 acu sin le feiceáil inniu. Tá ionad cuaiteoireachta ann a bhíonn ar oscailt ó Aibreáin go Deire Fómhair.

Ar oscailt:
1 Aibreáin go 13 Deire Fómhair

Gach lá, 10.00 – 18.00

Daoine Fásta €3; Sinsir/Grúpaí €2; Daltaí €1.00; Clann €8.00

Taispeántas, leithris agus carr chlós ar fáil, oscailte do chách.

Tá turasanna faoi stiúr ar fáil.

Suíomh:
5km ón N4 i Sligeach, ar an R292 (Lár Easa)


Chuamar ar thuras chuig an Cheathrú Mhór dá uair i rith an tionscnaimh seo.

Tá an suíomh fein go hiontach agus bhaineamar a lán taitneamh as foghlaim faoi na daoine fadó agus an saol a bhí acu.

Chualamar scéal nuair a bhíomar ann:

Tá scéal ann go raibh Cailleach a’ Bhéara ag eitilt ón a teach féin go Cnoc na Ré le naprún lán le clocha aici.

Bhí sí chun na clocha a úsáid chun ballaí a dhéanamh dona hainmhithe a bhí aici ansin.

Bhí timpiste aici ar an mbealach agus is cosúil gur thit na clocha ón naprún ar an talamh thíos fúithi agus gur scaipeadh iad ar fud na háite sa Cheathrú Mhór.